
Nuair a bhí mise óg Ó ba dheas is ba dóighiúil A' scafaire stócaigh mé 'Súil' na mban óg Bhínn á mealladh 's á bpógadh Is shiúlainn a' rod leo 'S bhínn carthanach cóir leo Gan mhairg gan bhrón Bhíodh rosca gach bruinnil' A' lasadh le loinnir 'S gach dealramh níos glinne Le lúcháire romham 'S mo ghuthsa gur bhinne leo 'Chluinstin sa chruinniú Ná'n píobaire 'seinm Ó mhaidin go neoin Och, och, ar a' lá sin Murab é bhain a' bláth domh 'S é d’fhág mé mar 'tá mé 'Mo chréatúr gan dóigh 'S é chloígh mé 's é chráigh mé Gur chaolaigh mo chnámha 'S d’fhág meath mar ar mo shláinte Nach leigheastar go deo 'S iomaí bean álainn Ó Chorcaigh go Málainn A chaith seal ar láimh liom Mo chreach is mo léan 'S mé 'g imeacht gan ábhar Arís is á bhfágail Go cloíte lag cráite Faoi leatrom leo féin Thit mallacht gach duine acu 'Bhfiormhullaigh 'n chinn orm D’imigh mo bhláth 'S níor fhan ribe ar mo mhaol Ach mo sheanbhlagad feannta Le síon is le haimsir 'Mo chréatúr a' drandán Fé bhuaireamh a' tsaoil Ach anois iarraim pardún Go léir ar na staidmhná 'Bhí cineálta cairdiúil liom Lá breá den tsaol Ná táthar a' rá liom Gur damnaithe 'tá me 'S nach dual domh go brách fáil Go Flaitheas na Naomh Ach an n-aidimse 'Dhia Go mb’fhearr liom go síoraí 'Bheith 'n Ifreann na bPian I measc cairde mo chléibh Ná bheith 'bhFlaithis in airde 'Measc túitní cráifeach' Nach dtuigfeadh a' cás A d’fhág mise faoi léan Och, och, ar a' lá sin Murab é bhain a' bláth domh 'S é d’fhág mé mar 'tá mé 'Mo chréatúr gan dóigh 'S é chloígh mé 's é chráigh mé Gur chaolaigh mo chnámha 'S d’fhág meath mar ar mo shláinte Nach leigheastar go deo
Песен-НИКИ
Загрузка...
Другие песни Aoife Ní Fhearraigh
Все песни →Похожие песни

Бигасс
SODA LUV
Ничего личного
Русский рэп201975,449

Бандана
Платина
РНБ КЛУБ
Русский рэп201859,980

Свадебное путешествие
Александр Буйнов
Острова любви
Русская эстрада199954,906

Каспий жағалауы
Azamat
Поп200134,438

Шпилька-каблучок
Лолита
Анатомия
Русская эстрада201433,308

Девочка 2D
Dead Rave
Singles 15-17
Русский рэп201828,891