
Bhí mise’s mo bhean bheag lá gabháil a' bóthar, 'S oró grá mo chroí, Is cé chásfaidh dúinn ach Gruagach an óir bhuí, Cuach mo lon dubh buí. D’fhiafair sí domhsa an 'níon domh an óigbhean, 'S oró grá mo chroí, A’s dúirt mé féin gurb í mo bhean phósta í, Cuach mo lon dubh buí. D’Tabharfaidh tú domhsa choíche go deo í? 'S oró grá mo chroí, Muna ndéanfaidh tú sin liom dhéanfaidh mé 'n cóir leat, Cuach mo lon dubh buí. Gabh thusa 'na mullaí 'gus mise 'na móinte, S oró grá mo chroí, S ca bith fear a leanfaidh sí bíodh sí go deo aige, Cuach mo lon dubh buí. Chuaigh seisean 'na mullaí 'gus mise móinte, 'S oró grá mo chroí, 'Gus lean sí an Gruagach, b’aige a bhí 'n óige, Cuach mo lon dubh buí. D’fhill mé 'na bhaile go buartha cráite, 'S oró grá mo chroí, Gus shuigh mé síos ar mo leabaidh trí ráithe, Cuach mo lon dubh buí. D’fhan sí amuigh aige bliain is trí ráithe, 'S oró grá mo chroí, Agus tháinig sí, 'na bhaile, mo Mhallaí gan náire, Cuach mo lon dubh buí. A ghiolla adaí istigh caidí mar atá tú? S oró grá mo chroí, Mar is olc le mo charaid is maith liom mo námhaid, Cuach mo lon dubh buí. Caidé a dhéanfá dá bhfaighinnse bás uait? 'S oró grá mo chroí, Chuirfinn ort cónair dara na gcúig gclár, Cuach mon lon dubh buí. Caidé inniu agus cuach amárach, S oró grá mo chroí, 'Gus cuach bheag eile achan lá go ceann ráithe, Cuach mon on dubh buí.
Песен-НИКИ
Загрузка...
Другие песни Altan
Все песни →Похожие песни

Бигасс
SODA LUV
Ничего личного
Русский рэп201975,449

Бандана
Платина
РНБ КЛУБ
Русский рэп201859,980

Свадебное путешествие
Александр Буйнов
Острова любви
Русская эстрада199954,906

Каспий жағалауы
Azamat
Поп200134,438

Шпилька-каблучок
Лолита
Анатомия
Русская эстрада201433,308

Девочка 2D
Dead Rave
Singles 15-17
Русский рэп201828,891





